Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 327
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá go leor scéalta i mbéal na sean-dhaoine faoi oileán Leitir Móir.

    327
    Scéal gan Ainm.
    Tá go leor scéalta i mbéal na sean-dhaoine oileán Leitir – Móir. Ó thuaidh dén scoil in a bhfuileamar ‘nár suidhe. Tá cnoc agus tá go leór scéalta faoi. Deirtear go bhfuil tighthe thíos faoin gcnoc agus go leór airgis chomh maith ann. Bhí bean thart annseo anuraidh ____ inghean dochtúra as Meiriocá agus dúbhairt sí go dtiochfaidh sí arís sa samhradh seo chugainn agus go bhfuigheadh sífir le haghaidh an chnoic a chaitheamh anuas agus ag ceapadh go bhfuigheadh sí an t-airgead.
    Tá ceathair nó cúig de tighthibh déanta ar thaobh an cnuic agus tá siad an t-sean anois. Is géarr go mbéidh péire seo dá gcaitheamh an dá inuirghín sin ag déanamh tighthibh (teac) nua. Tá sean-bhallaí le feiceál ann fós agus bhí ag daoine fadó. Tá céann de na tighthibh ar a dtuigtar tigh Sheáinín Pháidín Mhóir ar agus tá crann mór amach ar aghaidh an dorais ann. Deirtear go bhfuil leac thíos faoin gcránn agus go bhfuil pota óir thíos faoin leic. Seán Ó Maoildhin is ainm don fhear. Níor tógadh anuas na sean-scéalta seo in am mar tá án chuid is mó de na sean-dhaoine básuighthe anois.
    Chualas é seo ó Cholm Ó Niada Leitir-móir. Máire Nic Confhaola Leitir Móir – 13-12-‘38
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Niadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe