Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 305
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí aon mac amháin aice. Lá amháin fuair an mac bás agus shíl an mháthair go ndeacha sé go na Flaithis
Bhí fear eile ina chomhnuidhe píosa fada ó'n teach. ní raibh a fhios ag an mhnaoí an raibh a leitcéadh ann chor ar bith
Cualá an fear seo go raibh an bhean cinnte go raibh a mach ins na Flaithis
Bhí an fear seo an-bhocht agus bhí go leó páistí aige.
Nuair a tháinig lá Nodhlagh ní raibh tada lé n-ithe ag na páistí agus dubhairt sé le na bhean go raibh sé ag dul ag an mhnaoí a shíl go raibh a mach ins na flaithis
Nuair a chuaidh sé isteach bhí an bhean isthigh roimhe agus dúbhairt se leí "Bhí mise ins na Flaithis", 'An bfaca tú mo Seáinín -sa" ann arsa an bhean.
"Chonniac gan aimhreas," arsa an fear "nach é a cuir annseó mé ag iarraidh culaith éadaigh a bhéadh aige lé chaitheamh lá an Nodhlaifh",
"Déanamh sin" arsa an bhean ó tharla go dtáinic tú ag iarraidh tada do Sheáinín ní leigfhadh mé amach tú gan píosa maith ime agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe