Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 302
- XML “Tobar Naomh Áinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar i dTír an Fhiadh ar a dtugtar Tobar Naomh Áinne. Sé an chaoi a bhfuil sé déanta síos i leacht(?)Deanamh triantáin atá air.
Tá sé déanta lé taobh na locha
Tugann daoine tuaras ann go minic.
Nígheann gach duine a gcosa sul má théigheann siad ag déanamh an turas.Deirtear go bhfaca daoine Naomh Áinne ag nígheachán a cosa san loch fadó sul má chuaidh sí ag tabhairt turas.Nuair atá an tuisge imthighthe as an tobar
is féidir a dhul go dtí an loch atá in aice leis agus uisge a thógáil as agus é a chaitheamh isteach san tobar.Bíonn siad ag fágáil píghneacha agus biorán agus rudaí eile mar sin in ndiaidh agus deirtear nach bhfuil sé ceart ag aoinne a dtabhairt leo.An píosa cloiche atá geárrtha aníos as an áit a bhfuil an tobar atá mar chlúdach ar an tobar fhéin.Dhá mbeithá isthigh ag séipéal nuadh Thír an Fhiadh dfhéicfhá teach dearg sios uait(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Mac Donnacha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56