Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 294
- XML “Scéal faoi Shióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal faoi Shidheóg.
Bhí beirt fhir ann fadó agus bhí said ag teacht abhaile óiche amháin agus iad ar meisce. Nuair a bhí said in aice le Droichead Charraig a’Logáin I Leitir Móir shuigh said síos le na bpiopaí a dheargú. Ní raibh I bhfad ina suí nó go bhfaca said beirt mná ban le éadach dubh amach ar a n-aghaidh. Tháinic an-fhaiothas orthu agus thug said do na sálaidh é.
D’imigh an bheirt leo nó go dtáinic said go dtí stór Leitir Móir agus iad ina ndiadh I gcomhnaidhe. Bhí sé ina mhean óiche go maith faoi seo. Rinne said faoi dhéin Tí Mhurchadha bhuail said ar an doras ach ní lig sé isteach iad chor ar bith. Rachadh duine againn go dtí teach Seamus Ó Niadh agus ní rachadh an duine eile éineacht leis.
D’imigh leo nó go raibh said siar ag an gCaladh beag ar a bhealach go Leitir Caladh cé a bheadh rompu arís ach an bheirt céanna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Úna Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann