Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 274
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faoí. Rinne bean an tíghe cáca mór agus péire cácaí beaga agus thug sí dhó lé haghaidh an bhóthair iad. D'ith sé an péire bheag ar an mbóthar ach níor bhlas sé don cheánn mhór.
An chéad lá ar raibh sé ar an mbóthar casadh fear siúbhail leis.
Shiúbhail an beirt tamall an bóthar go dtáinic siad chomh fada lé coill.
Tar liom-sa an bealach seo arsa an fear siúbhail tá cosán ann agus rachaidh muid amach ar an mbóthar arís. Chuimhnigh an sean-fhear ar an gcomhairle a cuireadh air agus níor bhac sé leis an bhfear siúbhail.
Mar sin d'imthigh chaon duine aca ar a mbealach fhéin. Ba geárr a bhí siúbhalta ag an sean-fhear nuair a chuala sé an fear siúbhail ag sgreadach agus é dhá mharbhú.
Bhuail mo dhuine a chroidhe annsin agus é lán tsásta lé na chomhairle. Shiúbhail sé leis annsin go raibh an oidhche ag teacht agus chuaidh sé isteach i dtig beag ar leath-taobh an bhóthair.
Ní raibh ann ach sean-fhear bocht agus cailín óg agus fuair sé loísthín ann.
D'fhiafruigh an lóistéara d'fhear an tíghe an í sin a inghean agus dúbhairt sé narbh í ach a bhean. Chuimhnigh an fear bocht a [!] an gcomhairle a cuireadh air agus d'éirig sé in a sheasamh agus amach leis agus luighe sé síos í gcoca féir amuigh san bpáirc.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe