Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 270
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfad uaid agus ní í ngar dhó, thriall sé air go deifireach.
Bhuail sé isteach agus d'iarr sé dídion na hoidhche agus fuair sé sin.
Ní raibh san teach ach sean-bhean agus cat.
Go domhain amach san oidhche d'éirigh an tsean-mhnaoí in a seasamh agus chuir gotha troda uirthí fhéin. B'éigin d'en loístéoir eirige agus a dhul ag cor-corruigheacht leithe.
Bhíodar mar sin ar feadh í bhfad ach san deire buail an tsean-chailleach leis an tslaitín draochta é agus rinne cloch aoil dh'e agus chaith amach san bpáirc é leis an gceánn eile.
Ar feadh an áma seo bhí an mac ba sine ag éirige mí-fhoideach agus d'innis dhá mháthair sin. Chuir a mháthair comhairle air, agus ba í seo an chomhairle, "Is cuma c'en teach rachfhas tú ann ach breathnuigh faoí an mbárr doras ag teacht isteach dhuit.
Shiúbhail leis annsin gur bhuail sé an teach céadn[a] a dtáinic an bheirt dreáthbhair ann bliadhain roimhe seo.
Ar dhul isteach doras an tíghe dh'e bhrethnuigh sé faoí an mbárr-dhoras agus fuair sé slaitín-draochta ann.
Chuir sé faoí na chóta é agus shiúbhail leis isteach san teach. Ba geárr a bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Mac Coisdhealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe