Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 201
- XML “Laoi na Con Duibhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i riocht síneadh ar an bhféar, nuair nach raibh ach dhá chréacht ar an gcú dubh.
"Mo chrádh go ráidhte a Fhinn agus a Ghuill Díomais atá i do neart nach breágh nach mbuaileann tú ar do choileán féin agus fionnfhuadas a thabhairt di as péin an bháis.
Nó más leisge atá ort do mhéar a chur fá do ghéill tabhair domsa í go fóill agus béidh mo dhóthain feasa agam féin aríst go deo."
"Mo chrádh go ráidhte, a Chonáin, tusa atá faoi ghroid agus faoi fheirg, dá gcuirinnse mo mhéar faoi do ghéill go fóill nár liom féin í aríst go deo."
Ach mar sin féin chuir Fionn a mhéar suas agus aisti fuair sé fios nach raibh in-án an cú dubh a chlaoidhe go h-éag gan a hainm féin a ghlaodhach 'na haghaid - 'Cor'
"A Chonáin Mhaoil Bháin déan dán do do choileán féin agus beidh an cú ar lár ar ball ach a hainm féin a ghlaodhach 'na haghaidh - Cor."
Ceithre cosa buidhe a bhí faoi Bhran, dhá taobh dubh, agus tár (bolg) geal.
Druim uaithne os cionn seilg, agus dhá chluais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Lorcáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe