Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Buachaill Bó Shliabh Luachra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Buachaill Bó Shliabh Luachra in a chomhnaidhe i Sliabh Luachra é féin agus a mháthair agus a athair. Bhí sé lá ag fosuigheacht ar an sliabh agus bhfacthas dó gur chuala sé ceol breágh. Rith sé go mullach an chnuic agus d'éirigh a chroidhe nuair a chuala sé an ceol breágh. Bfachthach dó gur bhfaca sé teach agus daoine ag triall air agus chuaidh sé chomh fada leis agus chuaidh isteach ann. Bhí gath gréine trasna san teach agus chaith sé a chóta air agus choinnigh sé suas é nó go raibh na daoine ag dul amach agus thóig sé de é. D'fhiafruigh sé de na daoinecé'n uair a bheadh siad cruinnighthe annseo aríst agus dubhairt siad go mba seachtain ó indiu. Nuair a tháinic sé abhaile d'fhiafruigh a mhuintir de céard a choinnigh amuigh é agus d'innis sé dóibh "O Moladh le Dia bhí tú in áit mhaith" a deir a athair. Gabhfadh mé ann aríst faoi cheann seacht lá. Nuair a bhí na seacht lá thart chuaidh sé go dtí an áit chéadhna agus ní choinneochadh an gath gréine suas a chóta. Dubhairt an sagart leis an mbuachaill a mba leis an cóta fanacht nuair abheadh an t-aifreann thart go raibh cúpla focal le rádh aige leis. D'fhan an buachaill agus tháinic an sagart go dtí é agus d'fhiafruigh sé de cé'n peacadh a rinne sé ó shoin, Dubhairt sé go bhfaca sé beirt ag caint le chéile agus gur cheap sé gur mór le chéile a bhí siad. Déanfaidh sé sin féin peacadh a deir an sagart. Cé'n obair a deir sé a bhíonns ort sa mbaile. "Buachaill bó atá ionnam" a deir sé. "Fan sa mbaile agus ná teara i láthair triúr ná ceathrar go bráth aríst".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann