Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 013
- XML “An Triúr Mac a Bhí in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr mac ag Righ fadó in Éirinn-beirt aca deas agus an ceann eile gránna. Dubhairt an bheirt deas le chéile go marbhóchaidh siad an fear gránna agus go mbainfeadh siad na súile as agus go gcuirfeadh siad ionnta féin iad. Bhí go maith, do mharbhuigh siad é agus chuir siad na súile ionnta féin agus nuair a bhí sé marbh aca, chaith siad le taobh chrainn é agus d'imthigh siad féin go Sasana.
Do bhí fear marbh ansin i gcómhnuidhe le taobh an chrainn, agus bhí meabhair i gcómhnuidhe aige ach ní raibh an t-amharc.
Ba ghairid go gcualaidh sé cait ag cainnt. Deir ceann aca leis na cinn eile 'Tá loch i ngáirdín ........... -béirse agus dá mbeadh buidéal den uisge againn, tiubhradh sé amharc níos fearr dúinn'. Do bhí an fear ag éisteacht. Níor bhfada go ndeachadh fear thart an bealach, agus thosuigh siad ag cainnt. 'Tá' adeir an fear a raibh an ...... gairdín ......Béirse agus tá loch uisge ann agus dá mbeadh braoin de agad, bheadh an t-amharc agad aríst.
Tá púdar agamsa i mo phóca agus má chuireann tú ar do shúilibh tiocfaidh t'amharc chugad arís agus tháinic.
Nuair a bhí an t-amharc tagtha don fhear arís fuair sé buidéal agus chuaidh sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe