School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtí gairdín na hInnse Beirne agus thug sé buidéal uisge leis as an loch.
Ar an mbealach go dtí a athair, an Rí casadh luch dó agus d'fhiafraigh sé de céard a bhí uirthi. 'Mo dhruim atá briste s'áit a bhuail fear de mhaide mé, s'áit a raibh mé ag ithe a chuid ornan'.
Sheas sé go ceann nóiméid. Tá leigheas agamsa duit, adeir an fear agus chaith sé braon den uisge ar an luch agus leigheas sé í. Bhí sé ag imtheacht leis annsin agus tháinig sé suas le faolchú, agus a ceathramhadh briste. 'Céard tá ort', a deir an fear leis agus d'inis sé a scéal dó. 'Tá leigheas agamsa anseo'. 'Fan' agus chaith sé braon den uisge air a bhí sa mbuidéal aige agus leigheas sé é.
Bhí an fear ag imtheacht leis annsin agus casadh feiliméar dó. 'Tá buachaill ag teastáil uaim' deir an feiliméar agus b'fhearr duit a theacht liom. 'Tiocfaidh' a deir an fear. Do chuaidh siad abhaile agus nuair a d'éirigh siad do chuaidh an buachaill amach ag obair. Chuaidh a mháistir amach in éindigh leis. 'Anois' deir an máistir 'mar a mbeidh an teach seo déanta a'd san tráthnóna, agus nach mbeidh orm ach siubhal anonn go dtí é, gan deor báistigh titim orm beidh do cheann le cailleadh a'd.'
Shuidhe sé síos agus thosuigh sé ag gol ach nuair a bhreathnaigh sé tharais chonaic(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Chonghaile
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Mícheál Ó Chonghaile
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe