Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0146
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mala ortha ó shoin.
Tuairm céad bliadhain ó shoin do mhair na daoine ar bheatha gharbh. Do bhíodh min buidhe, arán eorna agus arán coirce le n-ithe aca. Ní raibh cainnt ar bith ar tae mar ní raibh fhios aca cén sórt rud a bhí ann. Is minic nach raibh le n-ithe aca ach greim aráin eornan agus uisge. Ní raibh na cupáin aca annsin ach nogínní adhmuid. Ins an oidhche ní raibh aca ach sliosóg giumhaise le solus. Ní raibh buird ná cathaoir aca ach "Skib" os cionn pota agus muirghín an tighe timcheall air. Chuala mé sean-fhear a rádh go raibh sé ag déanamh na h-oibre agus nach raibh aige ar maidin ach turnip le h-ithe. Tar éis a lá oibre bhíodh sé ag léimrigh thar chlaidheacha ag teacht abhaile. Mhair sé céad agus dhá bhliadhain in a dhiaidh sin. Dubhairt fear eile go raibh sé ag cur fataí le h-aighidh ban. Bhí náire uirthi glaodhach air, mar ní raibh aon cheo aice ach fataí. "Ó2 adeir an fear "tá sé agam féin an t-ocras- Bailitheoir
- Mairghéad Ní hUrnai
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe