Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Cora Finne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0128
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir, deirtear go mbíonn báisteach ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn lasaire gorm ins an teine, go mbeidh droch-aimsear againn. Nuair a thagann an spideog go dtí an doras bíonn sioc ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn na faoileáin ag eiteall go h-íseal agus ag sgréachaíl go mbeidh báisteach againn. Nuair a shuidheann an cat agus a dhruim leis an teineadh bíonn droch-aimsear ag teacht. Nuair a théigheann an deatach suas an simléar go díreach bíonn aimsear bhreábh ag teacht. Nuair a bhíonn na préacháin ag sgréachaíl beidh aimsear fhuar againn. Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eiteall go h-íseal, beidh báisteach againn. Nuair a bhíonn an mada ag ól uisge. Nuair a bhíonn dath dearg ins an spéar ar maidin, beidh báisteach againn. Nuair atá an ceo ag eirghe ar an mbóthar beidh storm againn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó hUrnai
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hUrnai
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe