Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0136
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig marcuigheacht fiadhach ag teach Stiopháin Mac Geannáin. Dubhairt sé leis, "Eirigh go beo agus tabhair leat do chamán go dtéigh tú ag bualadh báire go Cnoc Mágh".
"Níl aon chamán agamsa" adeir Stiophán. "Tá" adeir an marcach faoi do leaba". D'imthigh Stiophán agus bhí capall taobh amuigh ag fanacht leis. Chuaidh sé ag marcuigheacht ar an gcapall agus d'imthigh leo annsin. "Anois" adeir an marcach le Stiophán, "Tá Conndae na Gaillimhe agus Conndae Mhuigheo ag dul i n-aighidh a chéile agus má ghnóthann Conndae Mhuigheo, caithfimid iad a bheathú an bhliadhain seo chugainn. Tá fear eile saoghaltach ag tabhairt conghnamh do Mhuigheo. Má leagann sé thusa trí huaire i ndiaidh a chéile, beidh Conndae na Gaillimhe buailte". Thosuigh an báire agus tháinig an fear faoi Stiophán. Leag sé Stiophán trí huaire ach an ceathramhadh uaire, leag Stiophán é. Annsin bhí Conndae Mhuigheo buailte agus bhí an lá ag Conndae na Gaillimhe.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe