Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Cora Finne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0145
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ceardcha ag m'athair agus bíonn sé ag obair gach lá ann. Is iomdha sórt oibre déantar ins an gceardchain, geataí, céachtaí agus crúidhte. Tá an-chontabhairt i gabhnacht. Contabhairt go nóighfeadh é, agus an capaill drochúinte. Tá a lán oirnúis ag teastáil leis an ngabhainn, builg, inneóin agus teannachar.
    Tá builg aige chun an teineadh do shéideadh. Tá teannachar aige chun breith ar an t-iarran te. Tá órd agus casúir aige freisin. Tá teaghlach ceardcha crochta ard. Tá na builg taobh thiar de'n teineadh a séideadh aniar trí píopaí miotail. Tá umar uisge ann freisin chun an iarann d'fhuaradh. Deirtear go bhfuil leigheas ina an uisge sin le h-aghaidh gáiribí. Ní ceardcha an-mhór atá ag m'athair. Ceann iarainn atá air, fuinneóg amháin agus doras dúbalta. Ins an sean aimsear ní raibh cóir oibre ag na daoinibh mar atá aca anois. Ní raibh gual aca ach móin. Bhí ortha táirghní, láidheanna agus a lán ruda eile a dhéanamh. Tá na ruda sin le fagháil ins na siopaibh anois. Deirtear go bhfuil an gabha beannuighthe. D'iarr na daoine ar ghabha na táirghní a céasadh ár Slánuightheoir a dhéanamh ach ní dhearna sé iad. Rinne an tinncéir iad, agus sin é d'fhág
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghéad Ní hUrnai
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hUrnai
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe