Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0163
- XML “Amhrán an Phúca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán An Phúca3ad Márda 1938I
Éiriochaidh mé ar maidin in ainim an dómhnaigh,
Agus rachaidh mé in mo chómhnuidhe ar cnocánín bán
Déanfaidh mé teach ann ar leath taobh an bóthair
I bhfogus do'n chógar i bhfus agus thall
I n-áit a mbeidh agam fiar, bealach is bóthar
Caidreamh lucht eolas fear luinge agus báid
Beidh sgoil ag lucht éaliamh agus ag ógánaigh óga
Ar lorg an eolas ag teacht ar mo shráidII
Is é iomrádh na gcailleach is na seandaoine críonna.
D'fhág mearbhall ar m'intinn is niall in mo cheann
Dá rádh go bhfuil Púca ann ó aimsear na díleann
Go bhfaca na daoine é acht níl fhios cén tam
Níorbh é sin do báit liomsa ar theacht ráithe an Gheimridh
A bheith agus déanamh íobairt istigh in mo shráid
Go mbíonn sé in a chat ann is i na mhada san oidhce
Nár thúisge i n a Phúca é ná i n a shean gearrán bhán.III
A chómhairseanna dílse tughaidh dhom congnamh,
Is dílreóchaidh mé an Phúca amach ar an áit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghéad Ní hUrnai
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe