Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Cora Finne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0129
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ar cuairt oidhche amháin, agus bhí sé ag imirt cártaí. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile, bhí sé an-deireannach ar fad. Ní raibh aoinne leis. Chonnaic sé socraid ag teacht. Ní raibh ach fear amháin faoin gconra sin.
    Leag sé an conra ar an mbóthar roimh an mbuachaill, agus thug sé an buachaill leis. Ní rabhadar ag cainnt cor ar bith. Chuir sé an fear isteach san gconra. Bhí eagla an domhain air. Tháinigeadar chomh fada le cnoc. Annsin do thógadar an fear as an gconra. Chuaidh sé abhaile annsin, agus bhí eagla an domhain air. Ní dheachaigh sé ag imirt cártaí as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghéad Ní hUrnai
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hUrnai
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe