Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0114
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní baileach bhí mé ar mo chasadh ann,
Nár labhair sí liom go h-eabaraidhe,
Are you a Roman Catholic,
And have you education,
Muise ní raibh mo mhuinntir achfuineach,
Agus d'fhág sin i leath na h-aimsire mé,
Ach gur ar Aifreann a bhíodh mo thairsgint,
Nuair ann a théighinn i-n aon áit.
An Chearc
Dhiúltaigh do na hacha sin,
Agus ná séileann an creideamh Gaedhealach,
Iompuigh leis na Prodastúin,
Agus leig don "Recondation",
Beidh fiúnntas ann go teamallaigh,
Agus roinnt buachtáil dhuit fhéin thar a sin,
Gheobhfaidh tú post ó Government,
Ní h-ionann agus lucht na déirce.
An Mada
Léigh mé ins na seanachais,
Gur chaith tú saill do "Quaker",
Bhí tú ag íoch ó Government,
Ag imtheacht thart ag préacháil,
Tháinig tú anall ó Shasana,
Ag moladh an chreidimh Prodastúin,
Agus ag cáineadh clann na nGaedheal bhocht.
An Chearc
Annsiúd a thosuigheann caibidil,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghéad Ní Cearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe