Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 461
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí beirt ghasúr ann am amháin i n-Árann a bhí siad na gcomhnuidhe. Lá amháin dubhairt siad le na chéile cia bith duine aca a gheobhadh bás a chead uair go dtiocfadh sé arais le h-innse don fear eile caidé an cineál áit a bhí aige ar an tsaoghal eile.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Mar aingeal is na flaitheas atá ann pógfaidh sé an ribín agus mas diabhal is Ifrinn atá ann imtheochaidh sé. D’imthigh Eoghan arais agus casadh Tadhg do agus phóg sé an ribín. Annsin d’innis sé do Eoghan go bhfuigheadh sé bás mí ón lá sin. Chuaidh Eoghan na bhaile agus chuaidh sé a luighe, agus mí ón lá sin bhíodar ag iomchar a chuirp go dtí roilig Áranna, agus ba é sin deireadh comrádaidheachta na beirte.Seanscéal
“Bhí fear ann aon uair amháin. Fear an mhórtasach a bhí ann. Ní rabh mórán Béarla aige.”
Bhí fear ann aon uair amháin. Fear an mhórtasach a bhí ann. Ní rabh mórán Béarla aige. Nuair a labharfadh duine de na comhursanaigh leis in nGaidhilg bhinn bhlasta bhéarfadh seisean frragar i mbéarla air. La amháin chuir a athair chun an mhargaidh é le mála préaraí. Diarr sé air an mala a bheith arais leis. Ní rabh sé a bhfad gur dhíol se na préataí. Nuair a cheannuigh an fear na préataí thug sé an mála leis fosta. Annsin ní raibh an fear eile ábalta é a fheiceál. Ins an deireadh chonnaic sé é ag teacht is teach agus an mála leis. D'amharc an fear eile ar na leithreacha agus arsa seisean san deireadh "P for John righ enough." Ach go bé go bhfuil mé mó sgoláire ní bhéadh fhios agam sin.- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann