School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 460

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 460

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 460
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    bhí gasúr beag dar b'ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche.

    (continued from previous page)
    Oidhche amháin eile bhí sé ag teacht as an bhaile mhór agus tháinig an diabhal amach roimhe ag loch na mbhreac agus thug iarraidh é a tharraingt isteach sa loch. Chuir Séarlus a lámh ann a phóca agus fuair sé an bonn. Annsin d’orduigh sé don diabhal gábhail síos go fíor íochtar ifrinn agus fanacht ann go lá na bhráithe. Le sin d’éirigh an sean-boc na splanc teineadh agus rinne fáinne thart ar Séarlus agus síos i lár na locha leis agus ní fhacaidh Séarlus é ní ba mhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seanscéal

    Bhí beirt ghasúr ann am amháin i n-Árann a bhí siad na gcomhnuidhe. Lá amháin dubhairt siad le na chéile cia bith duine aca a gheobhadh bás a chead uair go dtiocfadh sé arais le h-innse don fear eile caidé an cineál áit a bhí aige ar an tsaoghal eile.

    Sean Sgéal.
    Bhí beirt ghasúr ann am amháin i n-Árann a bhí siad na gcomhnuidhe. Lá amháin dubhairt siad le na chéile cia bith duine aca a gheobhadh bás a chead uair go dtiocfadh sé arais le h-innse don fear eile caidé an cineál áit a bhí aige ar an tsaoghal eile. Tadhg agus Eoghan i b’ainm do na gasraí seo. Nuair a d’éirigh siad mór pósadh iad. Tamall na dhiaidh sin fuair Tadhg bás, agus lá amháin bhí Eoghan ag teacht as an t-síopa. Chuimhnigh sé gur fhág sé an phíopa na dhiaidh. Thionntuigh sé arais agus chonnaic sé Tadhg ag ar. Bhí comhrádh fada aca le chéile d’innis sé do Eoghan fá na chomhursannaí. Bhí cuid aca ins na flaitheas agus cuid aca in Ifrinn. Chuaidh Eoghan in na bhaile agus d’innis sé do’n tsagart agus thug an sagart an Chailís agus an ribín do agus dubhairt sé leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic na Midhe
    Gender
    Female