Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 495
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann a chomhnuidhe i Gleann tSuiligh dar ainm Mac Monghail.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann a chomhnuidhe i Gleann-t-Suiligh dar ainm Mac Monghail. Bhí sé pósta. Théigheadh sé anonn go h-Albain achan bhliadhain agus bhéadh an airgead leis ag teacht na bhaile do. Am amháin chuaidh sé anonn. Rinne sé amach go mbéadh cuid mhaith airgead leis na bhaile. Bhí cúig púnta leis anonn. Chuaidh sé isteach sa chéad teach. Thug sé púnta do na daoine agus diarr sé ortha é a chur a dtaisge do go dtiocfadh seisean arais. Dubhairt sé leóbhtha an dóigh a d’aithneochadh siad é; go mbéadh an sean-hata air, agus deireadh sé nuair a rachadh sé isteach. “Maidín mhaith a shean-háta. D’imthigh sé annsin go dtí an dara teach agus rinne sé an rud céadna annsin. Chuaidh sé annsin go dtí an tríomhadh, an ceathramadh, agus an cúigeadh teach agus rinne sé an rud céadna ionnta. Dimthigh sé leis annsin. Casadh beirt fhear a bhí íontach saidhbhir air; d’imthigh sé daobhtha fá’n háta. Níor chreid siad é. Thug an fear go dtí an chead teach iad. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé. Maidín maith a shean háta. Rinne muinntir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann