Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 510

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 510

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 510
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Ainmneacha agus Leasainmneacha i dTír Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ólainn aca. Tá dhá áit ar an chárda fáchoinne gréim a fhágail air le do lámha. Tá fiachla ar an taobh eile leis an ólann a chur air. Ghnídh siad é a chardál annsin. Annsin ghnídh siad rollae de. Ghníodh siad snáth de annsin ar an túirne. Tá an t-snáth fáchoinne ghiosán agus stocaí a dhéanamh. Fadó ba gnáthach le chuid mhór ban cruinniughadh go teach amháin agus toiseachtrag cardáil. Bhí cuid aca ag sníomh. Nuair a bhéad siad ag cardal cúpla uair thiocfadh buachaillí an bhaile isteach agus thoiseochadh an damhsa. Chaitheadh siad uair ag damhsa. Sul a dtoiseóchadh siad ag damhsa dhéanádh siad an tae. Róise Nic Néill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ainmneacha agus leasainmneacha i dTír Chonaill
    Bhí fear ins an pharráiste seo a mbliain an tSamhraidh Dhaor (1817) agus Duinidín an t-ainm baistidh a bhí air. Ainmneacha eile atá gearr-annamh fá láthair ins an Ghaedhealtacht fhéin Giall, Fear Dorcha, Dubhaltach, Tuathal, Ruaidhrí, Marcas, Maol Mhuire, Art, Cathaoir, Feargal, Pártálán, Laoighseach, agus Macadán. P Mac A.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. ainmneacha (~166)
    Teanga
    Gaeilge