Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 512

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 512

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 512
  3. XML “Oíche Fhéile Bríde i Mo Cheantar féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oídhche Fhéile Bríghde in mó Cheanntar Fhéin
    Tuitheann Oídhche Fhéile Bríghde ar an oidhche dhéireannach de Eanair. An oidhche sin ghnídh na daoine bruitín fá choinne an t-suipéara. Ghnídh siad crosógaí an oidhche sin in onóir do Naomh Bríghid. Cuireann siad feargha isteach i gcliabh agus giota éadaigh agus fágann siad taobh amuigh d'en doras é. Annsin suidhfidh gach duine 'un bidh. Nuair a bhíos sin déanta acu rachaidh duine d'en teaghlach amach go dtí an áit a bhfuil an cliabh agus déirfeadh sé os árd. "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh fosclaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Bríghid." Déirfeadh na daoine atá astoigh "Se beatha." Déirfeadh an té atá amuigh an rud céadna arais. "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh fosglaigidh bhur súile, agus leigigidh isteach Bríghid." Déirfeadh an té atá amuigh an rud céadna arais agus déirfeadh an té atá (amuigh/istoigh) (an rud ce). "Se beatha na mná uaisle." Thigeadh an té atá amuigh isteach annsin agus an cliabh agus a bhfuil ann leis. Bratóg Bhríghde a tugtar ar an giota éadaigh. Caithidh gach duine giota de le iad a shabhall i rith na bliadhna. Cuireann na daoine cros suas ann achan seomra agus in achan boitheach le gach duine agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic na Midhe
    Inscne
    Baineann