Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 466
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.”
Sean Sgéal.Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d’iarr sé ar albanach a mhac a choinneailt. Ní rabh ag an Dálach ach aon mhac amháin. Ghlac an t-Albanach leis an bhuachall agus gheall sé go dtabharfadh sé sgoil agus léighinn do. Dimthigh an t-sean Dálach san oidhche ar eagla go bhfeicfidhe é. Bhí na h-Albanaigh eile ag teacht achan oidhche le mac an Dálaigh a chur ann báis ach ní leigfeadh an t-Albanach daobhtha. Oidhche amháin chruinnigh siad go dtí an teac an áit a rabh an Dálach óg ann. Dubhairt siad go rabh siad dul a chur an gasúr un báis. Táim ag iarraidh orraibh athcuinge amháin gan gléas báis a chur air annseo san áit ar tógadh é arsa an t-Albanach. Cuirfidh muid féachailt anocht ar an pheata seo atá agat go bhfeicfidh muid goidé atá ann a intinn. Bhí beirt mac ag an albanach, agus cuireadh an triúr amach fiafrughadh d’en triúr annsin caidé bhí ann a intinn no goidé an athchuinge d’iarrfadh siad. Diarr an fear gallta ba shinne bean dhóigheamhail. Diarr an dara fear shaidhbhreas a sháith a bheith aige fhad as bhéadh sé beó. Tháinig an Dálach ar aghaidh annsin agus diarr sé claidheamh agus fear os choinne gach realtóg a bhí san spéir. Bhí sin doimhin go leor. Bhí an fhuil ann, is bhí sé árd té. Dinnis siad (an) don Albanach annsin an athchuinge a díarr gach aon duine aca agus dubhairt siad leis go rabh sé ag tógailt droch pheata. Ní rabh dadaidh annsin ach ag féachailt gléas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Néill
- Inscne
- Baineann