Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 503

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 503

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 503
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Nuair a bhí Ó Domhnail ag cur suas a chaisleán i nDún-na-nGall an méid a thógadh siad sa lá bhéadh sé leagtha ar maidín lá ar na bhárach.

    Sean Sgéal
    Nuair a bhí Ó Domhnaill ag cur suas a chaisleán i nDún-na-nGall an mhéid a thógadh (sé) siad sa lá bhéadh sé leagtha ar maidín lá ar na bhárach. Bhí seisear saor aige. D’obair siad leó go dtí an Aoine. Rinne sé amach go gcuirfeadh sé trí saor eile in a gcuideachta Dia Sathairn siocair an Domhnach nó dar leis féin na mbainfeadh aon duine leis ar an Domhnach no go suidhfeadh sé féin a choimhéad go mbéadh an mheadhon-oídhche thart. Nuair a dimthigh na saoir cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan ó Domhnaill dá choimhead an Chaisleán. Thionnthuigh sé thart bhí bean ruadh in a seasamh ar a chúl “A Rí Uí Dhomhnaill” Tá tú ag teacht un tosuigh go maith le do chaisleán” arsa sise. Dubhairt an Rí nach raibh agus dinnis sé duithi mar bhí. Dubhairt an bhean is tú fhéin is cionntuigh nuair nach suidheann tú fhéin go bhfeicidh tú cé an bhunadh atá da leagadh. Fan ann do shuidhe anocht agus ar an h-aon a chlog móthóthaidh tú sgaifte ag teacht anall ar an chlochan agus iad ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Nic Ghloinn
    Inscne
    Baineann