Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 583

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 583

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 583
  3. XML “Ag Dul go Toraigh dúinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá fheile Muire Mór san Fóghmhar a bhí ann agus i ndiaidh an aifrinn thugamar aghaidh ar a tráigh mar bhí socair againn ag dhul go Toraigh. Bhí an fhairrge ciúin is bhí an spéir glan agus ní abróchad duine na deoradih go raibh contabhairt ar bith dul ar muir. Bhí deich míle romhainn ach bhí béál Thoraighe mar bhéadh loch ann. Do h-arduigheadh an seol agus chuaidh fear an báid ar aan stiúir. Thart ceann Inis Bó Finne linn gan brán gan bhuaidhreadh. Chonachamara na faoileoga geala bán ag snámh go seolta ar gach taoibh dhínn. Chonacamar na muca mara ag treabhadh an t-sáile ar a suaimhneach. Chonacamara na cailleacha dubha ag tomadh agus ag teacht aníos agus iasg na mbéál leo. Agus chonacamar rud a chur eagla agus sgannrad orainn; chonacamar néal mór dorcha ag teacht isteach ó bhun na spéire. Níorbh fhada go bhfacamar an fhairrge ag éirighe na tonna bána agus iadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Nic Gloinn
    Inscne
    Baineann