School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 458
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.”
(continued from previous page)Thosuigh mac an Ríogh ag coimhead ortha. Ins an deireadh chuaidh sé síos fhad leobhtha. D’Fiafruigh sé do cailleach na spáige móire cá tuige a rabh an spág mhór uirthi. Dubhairt sí bhí droch fhear agamsa agus choinnigh sé mé ag sníomhadh go dtí gur at an cois agus tá sé mar sin ó shoin. Annsin d’fhiafruigh sé don cailleach eile cá tuige a rabh an lámh mhór uirthi. Dubhairt sí go rabh droch fhear aici agus choinnigh sé ag figheadóireacht i gcomhnuidhe í gur at a lámh. Annsin d’fhiafruigh sé don cailleach eile cá tuige a rabh an srón mhór uirthi. Dubhairt sí bhí droch fhear agamsa fosta agus chonbhuigh sé mé ag fuigheall I gcomhnuidhe. Bhí mó cheann crom agam agus chuaidh an méid fola a bhí ann mó chorp isteach ann mó shrón agus ní theachaidh sé arais ó shoin. Chreid mac an Ríogh an sgéal seo, agus dubhairt sé na leigfeadh sé do na mhnaoi sníomhadh, fighe, nó fhuigheall níos mó. Bhí athas ar an chailín nuair a chualaidh sí seo. Thiocfadh léithi rud ar bith ba mhian léithi a dhéanamh na dhiaidh seo.- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Female