School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d’iarr ar an ghasúr a chur níos fuidhe.
Dubhairt an gasúr go rabh gabh ins an áit a rabh seisean agus go gcaithfheadh sé an t-ord anonn chuige. Ó nach caith arsa’n fathach siubhal leath chun ná bhaile. D’imthigh an fáthach chun an bhaile agus an gasúr leis a’s d’innis dó’n bhean goide mar bhí.
Chuir siad fiadhailt éile air. Thug an fathach leis dhá shoitheach a choinneachadh dá chead galún go dtí an loch. Líon sé ná sochaigh as diarr ar an gasur cuideadh leis é a iomchar. Diarr a sé an spaidh as go gcuirfeadh sé an lóch isteach un toighe aige. Ní leigfeadh an fathach do.
Cuirfeadh an gasur a luighe luath an aidhche sin. Nuair a meas siad go rabh sé na codladh chuaidh an fathach suas as buaile sé trí buile air. Leig an gasur trí osna as. Bhí an gasur faoin leabhaigh a’s bhí giota de crann ins an leabhaigh.
Ar maidin lá thar na bharach chuir siad ceist cáidhe mar chodlaigh sé. Dubhairt an gasur gur chodlaigh sé go maith. Chuir an fathach ceist air an rachadh sé chun an bhaile dá bhfuigheadh sé oiread airgid agus thiocfadh leis iomchar. Dubhairt an gasur go rachadh da bhfuigheadh sé oiread airgid agus ór agus thiocfadh leis an bheirt aca a iomchar.
Chuaidh an bheirt aca go dtí fá tuairim céad slat o theach an ghasúra. Phill an fathach, “na” baile annsin.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Srath Máirtín, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Máighread Ní Dúbhgáin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Carraig an tSeascainn, Co. Dhún na nGall