Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé ina shuidhe [?] comh luath ar maidin, lá thar ná bharach, agus bhí iongantas mór air. Nuair a chonnaic se na cultacha a ghearr sé amach deánta. Tháinig fear isteach an lá sin agus thug sé luach maith dó an tailliúr ar na cultacha.
Chuaidh an tailliúr na bhaile mhór an lá sin, agus cheannuigh sé adhbhar dhá chulaith. Gearr sé amach na cultacha, agus chuaidh sé a luighe, mar rinne sé an oidhche roimh sin. Ar maidin lá thar na bharach, nuair a d’éirigh sé, bhí iongantas air nuair a chonnaic sé ná cultacha deánta.
Chuaidh sé ná bhaile mhór an dara lá, agus cheannuigh sé adhbhar (d) trí chulaith. Dubhairt sé le na mhnaoi, go gcaithfeadh siad suidh go maidin go bhfeicfeadh siad cia a bhí ag deánamh na g-cultacha. Shuidhe an bheirt aca go maidin agus nuair a bhuail sé an doigh dheag, tháinig trí fhear bheaga anuas an simleóir. Thoisigh siad a obair go rabh na cultacha deánta aca. D’imthigh siad annsin suas an simleóir.
Bhí an tailliúr iongantach buadharda cionnus, nach dtug sé buidheachas do ná daoine beaga. Annsin bhí an tailliúr agus a bhean, iongantach saidhbhir indhiaidh sin.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghiolla Chomhghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall