Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an caoineadh istoigh ins an teach. Rith sé isteach, agus bhí an bhean ina suidhe ag caoineadh, - Goidé atá ort, arsa Diarmhuid, cá arsa seise, an bhfeiceann tú an chloch mhór sin, atá amuigh ins an bhalla, tuitfidh sí anuas, ormsa, agus mairbhthidh sí mé.
Ná tú an t-amaideán, bocht, arsa Diarmuid, d’imthigh sé comh dí, a mhathair, agus dubhairt sé, leithe caidé an seórt mná, í sin a fuair tú, damh. Tá mé ag imtheacht anois, agus ní philfidh mé go gcásfar bean orm, a bheas níos amaidigh ná í.
Shiubhal sé leis, go dtáinig sé, comh dí teach. Chonnaic sé fear, agus bean agus greim aca, ar bhó, ag iarraidh í a chur suas ar mhullach, an tighe. Goidé atá sibh a deánamh arsa Diarmuid, tá muid ag iarraidh an bhó seo a chur suas ar an teach, go n-ithfidh sí an fear, mhaith atá shuas. Is fearr daobh an fear a bhaint, agus é a chathfeadh anuas ag an bhó arsa Diarmuid. Ní smainteochfhadh muid inne ar sin a choidhche arsa an bhean. Shiubhal sé leis, agus d’amharc sé thart, agus dar leis féin go rabh siad sin amaideach, go leor, acht go rabh sé ag deánamh, nach rabh siad comh h-amaideach, le na mhnaoi féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Fharraigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall