Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 424
- XML “Scéal - An Capall Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear leis an sgian, agus mharbh sé í, thoisigh an fhuil ag teacht, agus shíl an fear a tháing isteach go rabh sí marbh, acht níor sgannruigh sé. Dubhairt a fear féin annsin go gcuirfeadh sé múineadh uirthi, agus thug sé leis fideóg agus shéid sé isteach ina cluasa é. D'éirigh an bhean beo arais.
Thosigh an fear eile ag iarraidh na fideóga. Dubhairt sé go rabh beirt dheirbhiura aige agus go rabh siad i gcomhnuidhe troid, agus gur mhaith leis múineadh a chur ortha, agus nach dtabhairfadh siad trioblóid níos mó dó. Thug sé leis an fhideóg chun an bhaile. Lá thar na bhárach thosaigh siad a throid. Thug seisean leis an sgian agus mharbh sé iad. Thoisigh sé a sheideadh isteach ina gcluaise leis an fhideóg, acht dá mbéadh sé ag seideadh ó shoin, ní éirigheochadh siad beo.
Lá thar na bhárach thug sé leis fear eile agus fuar siad greim ar an fhear a thug an fhideóg dó agus chuir siad isteach ann mala é. Thug siad leobhtha é, fá choinne e a bhaitheadh. Nuair a tháinig siad go dtí an chéad teach leanna, chuaidh siad isteach san teach agus d'fág eiseann amuigh ins an mhála. Bhí fear ag teacht an bhealach mór agus chonnaic an fear a bhí ins an mhála é. Thoisigh sé a cheol go h-ard is a bhí an[?] a cheann. Chuir an fear a bhí ar an bhealach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall