Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean ann aon uair amháin. Bhí sí i n-a chomhnuidhe ar bhruach Loch-a-nure. Bhí triú paistí aici acht tháinig aicid ortha. Ní rabh bainne ar bith ag an bhean le tabhairt daobhtha.

    Sgéal
    Bhí bean ann aon uair amháin. Bhí sí i n-a chomhnuidhe ar bhruach loch-a-nure. Bhí tríur paistí aici acht tháinig aicid ortha. Ní rabh bainne ar bith ag an bhean le tabhairt daobhthe
    Lá amháin bhí sí amuigh agus chonnaic sí bó mhór ag íthe léithe thart fá’n teach agus í ag sileadh an bhainne. Chuir sí isteach i agus bhlighe sí í agus chuir sí amach arís í. Thug sí an bhainne do na páistí.
    Níor imthigh an bhó ar chor ar bith. D’fhan sí go rabh cúig gamhain aici. Lá amháin bhí teas mhór ann agus tháinig na ba uilig isteach ó’n chnoc agus iad ag rith.
    Bheir fear an toighe ar an sguab agus bhuail sé an tsean bhó leis. Bhí oileán beag le feicéal amuigh ins an loch agus labhair guth isteach ó’n oilean ag rádh “Abhaile, Abhaile leat a bhó mhór na ngamhna”. D’imthigh na ba uilig ag snámh siar go dtí an oileán agus ní rabh braon bainne ag an bhean ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siubhán Ní Dhómhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Rosa, Co. Dhún na nGall