Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 268
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí na preataí bruithte againn agus thug muid cúpla ceann dó, agus cúpa bainne. Dubhairt sé nar ‘ith sé preataí le mí roimh sin.
Annsin d’iarr sé loistín agus fuair sé é. Bhí an leabhaidh déanta ag cois na teineadh. Chuir muid chochan isteach i mála mór ar an urlár. Cupla sean cotaí agus a bhí mar eadhaigh againn. - Tá cuid mór daoine siubhal thart fá an ceanntar seo. Chomhair a bheith gurabh iad na daoine ceadhna a thig i gcomhnuidhe.
Bhíodh fear bocht ag dul thart annseo fríd na toighthe agus bhí sé iongantach maith ag dul chéoil. John Kelly a bhí mar ainm air. Ní leigfeadh cuid de n-a daoine isteach lucht siubhail ar chor ar bith.
Bíonn cuid de’n lucht siubhal ag díol bláthannaí.
Bíonn sean mhála leobhtha. Bíonn cuid aca ag cruinnuighadh airgead agus préataí. Bíonn na mná ag.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann