Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 238
- XML “An Aimsir - Comharthaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má bhíonn dath dearg ar an speir agus é ag dul suas, béidh droch aimsear air.
Má bhíonn an ghrian iongantach dearg ag dul síos, sin comhartha maith.
Má bhíonn an ghealach úr ina suidhe deirtear gur sin comhartha.
Níl sé maith corr mhónadh a fheiceáilt fán phuloid
Nuair a bhíos an cat ag sgriobadh béidh gaoth mhór ann.
Nuair a bhíos na h-eallaí ar an loch béidh doineann ann.
Má thigeann na cearca amach lá dliuch ní dheanfhaidh sé turadh an lá sin.
Má bhíonn an an cat na shuidhe agus a dhruim leis an teinidh, tá gaoth mhór ag teacht
Má bhíonn na realtógaí iongantach solasta béidh sioc ann.
Ma bhíonn an madadh ag othe féar béidh fearthanna ann.
Nuair a bíos bladhaire gorm ar an teinidh; tá doineann ann.
Nuair a imthigheas na géacha fiadhain o thuaidh bíonn sneachta ag teacht
Nuair a bhíos rud mór easógaí le(leanann ar an chéad leathanach eile)