Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh duine ar bith aige acht é féin. Chaithfeadh sé a chuid a dhéanamh réidh.

    Sgéal a d'innis:-
    1. Máire Ní Cnáimhsighe
    2. Baile-na-Carraige Dubhearraidh
    3. 17bl.
    4 Feirmeóir Beag
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach bocht. Ní raibh duine ar bith aige acht é féin. Caithfeadh sé a chuid a dhéanamh réidh.
    Lá amháin smaoinigh sé gur deas an rud bád a bheith aige.
    Lá ar na bharach d'imthigh sé amach go dtí an choill agus thosaigh sé a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí shaith bainte aige d'imthigh sé 'un na baile. Annsin thoisigh sé ar an bád. AN oidhche sin bhí giota mór deánta aige. Chuaidh sé in-a luighe agus é sasta leis féin.
    Lá ar na bhárach d'éirigh sé go luath. Chualaidh sé tormán mór amuigh. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé sluagh de dhaoine beaga agus casúir leobhtha agus ní raibh greim de'n bád le cheile aca. Ba iad na sídheógaí a bhi ionnta. Dubhairt siad leis gur leobhtha an t-adhmad agus gur bhfearr do é a fhágailt san áit a bhfuair sé é. Rinne an fear sin agus bhí ádh mhaith air ina dhiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile na Carraige, Co. Dhún na nGall