Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 194
- XML “An Claíomh Solais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sin ann agus más fada ó bhí, dá mbéinnse ann an uair sin ní bhéinn ann anois, dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, dá mbéinn balbh ní chanfainn é, acht mar nach rabhas ariamh gan sgéal úr nó sean sgéal, mura gcluininn aon sgéal chumfainn fhéin sgéal; agus nár mhaith an chuid de’n sgéal sin.
Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé pósta. Bhí mac amháin aige. Nuair a bhí an mhac seacht mbliadhna d’aois fuair a mháthair bás. Phós an t-athair arais agus bhí mac eile ag an dara mnaoi. Bhí an mheas aicí air. Bhí sean chailleach na gcearc thart fá’n teach agus lá amháin d’fhiafruigh an leas mháthair díthe ua acú de’n dá mhac a gheobhadh an talamh dá bhfuigheadh an t-athair bás. Dubhairt an chailleach go bhfuigheadh an mac ‘ba shine é. Annsin d’fhrafruigh an leas mháthair an roibh dóig ar bith a dtiocfadh leo é a dhibirt amach as an áit. Dubhairt an chailleach go dtiocfadh leo airgead a thabhairt dó. Thug an t-áthair fiche punt dó, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a gabháil ar shiubhal. D’imthigh an ghasur leis agus bhí sé sé bliadhna déag an t-am sin.
Nuair a bhí sé ag gúbhail thart ar roilig mhothuigh sé calán. Chuaidh sé isteach go dtí an roilig, agus chonnaic sé mórán daoine ann, agus bhí fear mharbh leobhtha agus iad ag gábhail a chur. Ach dubhairt ceathrar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70