Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mic aige. Bhí duine amháin acú amaideach, iomlatach, ach bhí an bheirt eile iongantar críonna.

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mic aige. Bhí duine amháin acú amaideach, iomlatadh, ach bhí an beirt eile iongantar críonna.
    Lá amháin chuir an t-athair an duine amaideach un an aonaigh le dhá thrucall choirce. Ní rabh sé i bfad ins an bhaile mhór gur díol sé an choirc. Bhí sé ag teacht aníos an t-sraid agus chonnaic sé greasaidhe ag obair agus bhí paca cardaí ar an tabla aige. D’fhiafruigh an gasúr do’n greasaidhe an n-imreochadh sé cluiche agus dubhairt sé go ndéanfadh. Bhain an greasaidhe agus b’éigin do’n gasúr an t-airgead a fuair sé ar san na coirce a thabhairt do. Ní rabh fhios aige annsin caidé dhéanfadh sé. Chuaidh sé amach, agus dhíol sé na caiple agus na trucaill. Chuir sé an t-airgead ‘na phoca, agus tháinig sé aníos an tsráid arais, agus d’imir sé cluiche eile leis an ghreasaidhe, agus bhain an greasaidhe gach piginn da rabh aige.
    “O”, arsán gasúr “tabhair arais sin damh”, ní thiocfadh liom a ghábhail abhaile chuig m’athair gan airgead ar bith liom”. Ach ní thabhairfeadh an greasaidhe do é. Chuaidh an gasúr amach, agus cé casadh air ach saighduír dhearg, agus chuaidh sé isteach ins an arm leis, agus ar shiubhail leis. Ní rabh sé i bhfad ar shiubhail go bhfuair sé fiche punta. Tháinig sé abhaile agus thoisigh sé ag imirt cardaí leis an greasaidhe agus bhain an greasaidhe arís. D’imthigh an gasúr leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire T. Nic Cuinneagain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál O Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Kill, Co. Dhún na nGall