Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 108
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luigh an droch shaoghal go h-an trom mo cheanntar. Fuair cuid de na daoine bás le h-ocras agus cuid eile bás le tinneas agus anródh. Bhí na mná amuigh ag obair ar na bealaigh móra agus ag briseadh na gcloch. Bhí fear amháin agus b’éigean do oibriughadh an lá a bhí a mháthair faoi chlár.
Bhí i bhfad níos mó daoine ann an uair sin nó mar atá anois. Bhí gach teach lán, ach chuaidh siad ina scórthaí ‘un Oileáin Úir.
Lobhaidh na préataí ins na puill agus ins na tightibh an chéad bhliadhain, ach an dara bliadhain lobhaidh siad ag fás. Ath tochailt agus bachlógaí a bhí mar síol aca ach bliadhain. Chuir an Riaghaltas arán dubh chuig na scóltacha, ach ní rabh sé ró mhaith.
Cailleadh mórán i n-aimsir an ghorta. Min buidhe agus meacain raibe agus cabaiste a bhí mar biadh ag na daoine. Níor lobhaidh na préataí comh h-olc ins an domasach.- Bailitheoir
- Nóra T. Nic Amhlaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall