Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Seanscéal - Jack agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. BhI fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad an-bocht. Bhí trúir mac déag aca. Oidhche amháin dubhairt an fear le na mhnaoi go gcaithfeadh sé na mic a thabhairt amach chuig an choill agus iad a fhághail annsin, nó ní rabh biadh ar bith sa teach le tabhairt dobhtha. Bhí buachaill amháin ag éisteacht agus chualaidh sé an sgéal. Ba é “Jack” an t-ainm a bhí ar an bhuachaill seo.
    Maidín an lá thar na mharach thug an t-athair na mic na coilleadh, agus d’fhág annsin iad. Roimh a ghabhail amach thóg Jack clocha agus chuir ina phoca iad, agus air a bhealach amhach do chaith sé ar an talamh iad.
    Nuair a tháinig an tráthnóna d’imthigh in t-athair abhaile indiaidh slán a fhágail ag na mic. Ach ní rabh sé i bhfad ins an teach go dtáinig na mic isteach bhí lúthgháir ar an máthair iad a fheiceáil arais.
    Thug an t-athair na coilleach iad maidín lá thar na mharach aráis. Thug an mathair giota beag aráin do gach duine acú. Ar a bealach amach do Jack chaith sé na giotaí beaga annseo agus annsud. Nuair a tháinig siad go dtí an choill d’fág an t-athair iad agus phill sé abhaile.
    Indiaidh tamaill thionntuigh na mic arais ach bhí na giotaí aráin itthe ag na h-éanacha, agus ní rabh fhios acú an bealach ceart abhaile. D’imthigh siad leabhtha gan fios acú cá rabh siad ag dul.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aibhistín Aodh Mac Amhlaoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Kill, Co. Dhún na nGall