Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “An Duine is Falsa”
  4. XML “An Bhrionglóid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí trí dearbhrathreacha ann aon uair amháin agus bhí siad an fhallsa. Lá amháin bhí an trúir in a luighe ar thaobh an bhealaigh mhór, agus tháinig fear uasal thart. Dubhairt sé go dtabharfadh sé cúig sgillinge do’ an duine is fallsa.
    “Seo cúig sgillinge duit” arsa seisean leis an chead fear, “má’s thú an duine is fallsa”. D’éirigh sé agus shiubhail sé fá na choinne. “Suidh síos arsa an fear uasal, “na ní tusa an duine is fallsa”. Annsin dubhairt sé go dtabharfadh sé cúig sgillinge dó an dara dhuine más é an duine a b’fallsa. D’éirigh sé agus thuit sé arais, d’éirigh sé an dara h-uair agus thuit sé. “Suidh annsin ní tusa an duine is fallsa” arsa an fear uasal.
    Annsin labhair sé leis an fhear eile agus dubhairt, “Seo an cúig sgillinge duit”, agus arsa an fear, “tar annseo agus chuir in mo phocha é tá mé ró fhallsa le ghabháil fá na coinne”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1950: The Three Lazy Ones
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamús Ó Crawford
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
  2. Bhí Éireannach agus Albanach agus Sasanach ann aon uair amháin, agus bhí an triúir aca ag stapadh ins an teach ósta céadna. Lá amháin cheannuigh siad builbín eatorra agus dubhairt siad go bhfuigeadh an fear a mbheadh an brionglóid is fearr aige é.
    Chuaidh siad a luighe agus i lár na h-oidhche d’éirigh an t-Éireannach agus d’ith sé an bhuilbín. Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinig an mhaidín, annsin toisigh siad ag innse
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.