Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Na Préataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann siad préataí ar an fheirm sa bhaile gach bliadhain. Ullmhuighinn m’athair an talamh. Cuirtear leas boithighe agus leathach ar an talamh romhre. Is i n-iomairí a chuirtear síol na bpréataí le spad. Usaideadh céachtaí adhmaid sa cheanntar seo fadó. Ní usaidtear fós iad. Ní dhearnadh iad sa cheanntar acht ceannuigheadh iad uilig.
    Bhéarainn siad isteach na préataí as na poill i mí na Márta, agus fágann siad i n-áit té iad go dtig bachlógaí ortha. Annsin ghearrainn siad gach áit a bhfuil síul. Gnídheann siad poll leis an spad agus cuireann siad an pór isteach ann agus cumhdaigheann siad an poll le créafóig. Ní chabhruigheann na comhursannaí le chéile ag cur na bpréatai.
    Ar tús romharann siad an talamh agus annsin cuireann siad síol na bpréataí. Chuireann siad leas boithighe agus cré ar a bhárr. Ins an t-Samhradh cuireann siad aith cré ortha agus [sprayail]? tad dhá uair i gcoinnibh an duibh. Baineann siad iad ag deireadh an fhóghmhair agus cuirtear isteach ins na poill iad go dtig mí na Márta. Na h-ainmneacha atá ortha: Kerrs Pinks, Arran Banners, Victors agus Arran Crests. Kerrs Pinks agus Victors an préataí is fearr. Usaideadh préataí fa choinne starch sa cheanntar fadó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighread Ní Laiste
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Laiste
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leargaidh, Co. Dhún na nGall