Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 166
- XML “Bhuail seisean eisean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Éireannach, Albanach agus Sasannach i gcathair Lundúin lá amháin. Bhí an Sasannach ag troid leis an Albanach, agus bhí sluagh mór cruinnuighthe thart ag amharc ortha. Throid siad leobhtha go dtí san deireadh nach rabh duine ar bith fághtha ac an truír aca fhéin.
Tháinig na gardaí agus tugadh na bearraice iad, agus fágad annsin iad go dtí lá na cuairte. Nuair a tháinig lá na cuairte tugad an t-Éireannach mar fiadhneise. Dubhairt sé nach rabh béarla ar bith aige agus dubhairt sé:”
“bhí pick aigesan agus bhí pick aigesan. Bhuail seisean eisean, agus bhuail eisean seisean. Da mbuilfeadh seisean eisean mar bhuail eisean seisean muirbhfeadh seisean eisean agus eisean seisean.
Ní thiocfadh leis an breitheam é a thuigbheal, agus d’iarr sé air é a rabh i mBéarla agus dubhairt sé. “Him had a pick, and him had a pick. Him hit him, and him hit him. If him had to hit him as him hit him, him would have killed him, and him him.- Bailitheoir
- Nora Mc Cauley
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mc Cavitt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall