Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 112
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bó agus asal agus gamhain againn sa bhaile. Tá ba againn cinnte. Níl ainm ar leith ar bith ortha ach dá mbéinn ag sgairtigh ar an bhinn deirfinn “té té”, agus dá mbéinn ag sgairtigh ar an ghamhain deirfinn “Siuge Siuge”. Deireann sé “haba haba”, nuair a bhionn na ba a thiomaint aige. Níl ainm ar leith ar na ngamhna ach oiread. Bheireann muid boitheach ar thigh na mbó. Cuirtear sean-chochan agus sean-fhéar agus luachair mar easair faoi na buaibh. Cheanluightear le slabhradh agus le ropaí iad. Ainmneacha na gceangal : An igín agus an borach.
Crochtar crosannaí brighde agus bratach brighde ann agus fágtar uisge coisreactha ann.
Bhí fear ann aon uair amháin agus gach uair a mbéadh sé ag blighe na mbó, tchífeadh sé ghearrfhiadh ag an doras. Smaointigh sé nach rud maith a bhí ann, nó bhí na ba ag cailleadh a gcuid báinne. Lá amháin sgaoil sé leithe, agus bhris sé cos amháin. Bhí bean sa cheantar agus ní rabh sí le feiceáil ar féadh tamaill, agus nuair a tháinig si amach bhí sí ar leath-cos. D’fhág siad an locht uirthí-se annsin na smaointigh siad gurab í a bhí ag tabhairt an bainne ó na ba.
Am eile bhÍ fear ann agus bhí sé thall i gconnacht ag iasgaireacht. Bhí sé ag caint le fear agus chuir an fhear ceist air cé leis an teach bán a bhí ar an taobh eile den fhairrge. D’innis an fear do gur leis fhéin an teach. Dubhairt an fear eile annsin go bhfuair seisean im an toighe sin ar féadh móran bliadhanta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhreisleán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall O Breisleán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall