Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 125
- XML “Éadaí”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gnídheadh na daoine léinteacha ins na tighthibh insan tsean aimsear, ach ceannuightear iad ins na siopa anois. Lint a sgairteadh na daoine ar an líon. Cniotaltar stocaí san áit. Sniomhtar é ar úirne. Tá deich gcinn ar an bhaile. Caitheann na daoine éadaighe spéisialta indiaidh bháis duine agus ar ócáid pósta.
- Seancas i dtaobh na h-aimsire.
Tráthnóna Foghmhair da mbíodh na ba shuas agus iad ag iarraid fághail suas na chnuic sin comhartha doininne. Agus dá mbíod siad ag iarraid fághail anuas sin comhartha soininne.
Má labhrann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol do bó [?] ceannuigh arbhar. Bíonn fios ag daoine ó, n ghrian cor uair. An grian baidhte comhartha baistighe. An speir dearg nuair a bhíonn an grian ag dul a luighe sin comhartha fearthana, an spéir dearg agus í ag éirghe comhartha mhait.
Comharthaí doininne : Na carraigeacha ag loinnir san fhairrge; la faoileógaí ag eitealaigh intíre; an cat ag scríobadh ag an teinidh; oladhairí gorma ag imteacht agus ag teacht ar an teinidh.
Sean fhocla fá’n aimsir; Tá na faoiligh taodach. Is olc an rud maidín maith ins na faoiligh. All months in the year curse a fair February. If candlemas day comes clear and bright(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall