Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 185
- XML “Ceird na Gadaíochta”
- XML “Na Siógaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an duine marbh ins an t-seomra an uair sin agus ní thiocfadh le bean an Tighearna chodladh san t-seomra agus an duine marbh ann. B’éigean do’n Tighearna é a thabhairt amach leis agus é a fhágail giota maith o’n teach. Fhad as bhí sé amuigh tháinig an ghaduidhe isteach agus ghuid an braithlín, agus thug ar shiubhal é. Thug sé chuig an Tighearna é an lá thar na bharach agus b’éigean do’n Tighearna cúig céad pun a thabhairt do’n ghaduidhe. B’éigean do’n Tighearna an áit a díol no bhí fhios aige nach mbeadh rud ar bith fághtha ag an ghadhuidhe ann. Nuair a bhí sé díolta tamall d’imthigh an buachall arais chuig a maighistir.
- Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé in a chomnuide ag a mháthair. Seán O'Gallochabhair a b'ainm dó. Chualaidh sé mórán daoine ag cainnt fa na sidheogaí, agus go rabh lios giota beag ó theach Sheáin agus go rabh sidheogaí ann. Oidche Shamhna amháin chuaidh sé suas fad le an lios. Bhuail se taobh amuigh dén lios dhá uair agus ar an bhomaite fosgladh doras agus chuaidh Seán isteach.
Dubhairt na Sidheogaí go rabh damhsa mór i gConnachta an oidhche sin agus go rabh said san ag gabháil, agus d'fhiafruigh siad dó Sheáin an rachadh sé leobhtha. Bhí lúthgaír ar Sheáin agus dubhart sé go rachadh. Thug siad capall de Sheáin agus sean sguab, agus d'iarr siad ar Sheáin gan rud ar bith a rádh dá ndeanfadh an capall rud ar bith iongantach. Bhí abhainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán O Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70