Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 179
- XML “Na Daoine atá ar Íochtar Inniu, Tá siad ar Uachtar Amárach agus na Daoine atá ar Uachtar Inniu, Tá siad ar Íochtar Amárach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na daoine atá ar íochtar indiú, tá siad ar uachtar imbárach agus na daoine atá ar uachtar indiú, ta siad ar íochtar imbarach.
Bhí buachaill beag ann aon uair amháin. Bhíodh a athair agus a mháthair i gcomhnuidhe ag troid, agus bhíodh na sgolairí ag magadh faoi, bhíodh náire ar an gasúr.
Lá amháin nuair a tháinig sé abhaile o’n sgoil dubhairt sé le na mhathair go n-imtheochadh sé leis muna stadhfadh sé féin agus a athair ag troid. Chuaidh sé amach na chuibhrinn agus d’innis sé an rud cheadna do na athair.
Maidín an lá thar na mharach bhí siad comh h-olc agus bhí ariamh, agus d’imthigh an gasúr bocht leis i mbéal a chinn agus gan fhios aige cá rabh sé ag dul. Nuair a tháinig an oidhche bhí sé tuirseach, agus connaic sé solas agus tharraing sé air. Teach mór, árd, a bhí ann agus chuaidh an Buachaill suas agus buail sé an doras, agus tháinig fear amach.
Dubhairt an fear go leigeadh sé isteach é da n-innseochadh sé do caidé tá Dia ag déanamh anois. Smaointigh an gasúr tamall, annsin dubhairt sé:
“Tá sé ag rothair mór agus tá sé a chuir thart, agus an rud atá ar íochtar indiú tá sé ar uachtar imbárach, agus an rud atá ar uachtar (imbárach) indiú tá sé ar íochtar imbarach, agus sin an déig leis an saoghol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall