Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 180
- XML “Na Daoine atá ar Íochtar Inniu, Tá siad ar Uachtar Amárach agus na Daoine atá ar Uachtar Inniu, Tá siad ar Íochtar Amárach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus na daoine.
Thug an fear isteach é agus thug sé neart le h-ithe agus le h-ól do, agus d’iarr sé air suidhe ag an teine. Bhí a mhic fhéin thall ag an tábla ag foghluim a gcuid ceachtanna fá choinne na sgoile agus chuaidh sé anonn chuca, agus bhí sí i bhfad níos fearr agus níos cleiste na iad. Annsin dubhairt fear an toighe go gcoinneochadh sé é ar feadh bliadhna agus go gcuireadh sé na scoile é, agus dá mbheadh sé maith chuirfeadh sé chuig coláiste é.
Bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc go dteacaidh bliadhain tart, agus oidhche amháin nuair a bhí na muc ‘saige féin na luighe, d’fiafruigh fear an toighe do’n gasúr cé acú de na muc a b’fhearr. Dubhairt an gasúr gur an mac i b’óige a bh’fhearr. Seachtmhain na dhiaidh sin d’imthigh an buachaill agus an muc a b’óige go dtí an choláiste. Nuair a bhí siad cúig bliadhna ann fuair mac an fhir bás, agus táinig a gasúr amach na shagart.
Ní rabh fhios aige an chuig teach a mháthara, nó chuig an fear a rinne sagart de a racidh sé ar tús. Ách bhí sé ag dul thar thoig a mháthair agus chuaidh sé isteach, ach rabh ann ach ballóg. Annsin d’fiafruigh sé do ghasúr cá rabh na daoine a biodh na gcomhnuidhe annseo. Dubhairt an gasúr go rabh an fear marbh, ach go rabh an bean na comhnuidhe suas ins an sliabh i mbothán beag.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall