Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 174
- XML “Tiomna an Ghréasaí”
- XML “Na Cearca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur I sean phrios go mbéadh an tiomna deanta aige san. Bhí sise sásta le sin agus tháinig an dligheadóir. B’éigean don bhean a fhanacht sa chistineach go mbeadh an tiomna deánta ag a fhear. Rinneadh an tiomna agus cuireadh an fear lá thar na bharach.
Nuair a bhi sé curtha leígh an dligheadóir amach an tiomna agus dubhairt sé go rabh fiche púnta ag an fhear, agus gur fhág sé cúig púnta ag an uile inghean, agus cúig phúnta dó’n dligheadóir ar son a thrioblóid. Dubhairt sé fósta go rabh gréasaidhe beag ‘na chomnuidhe ar ceithre acraí de’n talamh le fada, agus gur fhagsé an teach agus na ceithre acraí aige, agus an méid a bhí fághtha gur fhág sé ag a bhean é.
Nuair a chualaidh an bhean seo bhí sí ar mire ach caidé thiocfadh léithe a dheánamh, nó d’innis an greasaidhe dithe dá n-innseochadh sí an sgéal go gcrochfad an bheirt aca. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall