Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí sí iongantach dóigheamhail ar fad. Bhí gruag catach mín uirthi.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cuaidh sé amach agus ní rabh sé i bfad amuigh go dtáinig bean agus thóg sí é thar balla a bhí ann.
    D’innis sí do go mairbhfeadh na fir sin é le na chuid airgid ‘fághail, d’iarr sí air a beith léite síos na trágha. Cuaidh siad síos agus bhí bád réidh annsin agus chuaidh siad isteach innti. Nuair a bhí siad amuigh ar an fhairrge d’innis sí do cérbh í féin, agus caidé nar tháinig sí go dtí an áit sin. D’innis sí do fosta gur ise an cailín a fághadh amuigh ar an oileán; d’innis sí do nach rabh sí i bhfad ar an oileán nuair a tháinig an sluagh sidhe agus go dtug siad leo í agus go rabh sí annsin o shoin.
    D’innis sí do go dtiocfadh leis mórán a dheánaidh dithe. D’iarr sí air innse dá muintir ca rabh sí agus iarraidh ortha a beith annsin oidhche shamhna agus an sagart agus an buachaill a bhí sí i ngrádh leis a beith leo. D’innis sí do go dtiocfadh dha each deag amach as an bheann agus go mbéadh sise ar an each deireannach agus bheadh acu le í a bhaint o’n each agus go mbheadh sí acú.
    Tháinig oidhche Shamhna agus bhí siad cruinn ar an tráigh. Nuair a tháinig an mheadhan oidhche tháinig dha each déag amach agus rinne siad ciorcail thart ar an sgaifte. Rinne an buachaill iarraidh uirthí ach ní bhfuair. Rinne sé an dara h-iarraidh agus fuair sé í. Annsin pós an sagart iad, agus d’iarr sé ortha sé bliadhna a caitheamh i Meirica. Rinne siad seo, agus bhí saoghal sona acú o sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Conall O Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Fionntrá, Co. Dhún na nGall