Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 137](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_137.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 137
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chuir Jack amach na ba ciadé an rud a rinne sé ná bearnáin a leagaint sa bhalla agus na ba a chuir isteach san abhail. Chuaidh sé féin suas ar chrann agus thoisigh sé ag ithe ubhall. Ní rabh sé ithe aige go dtáinig fathach amach as an chaisleán. “A dhuine beag dona tar anuas as sin go mairbhfidh mé tú”, arsan fathach. “Bh’féidir nach ndeanfá”, arsa Jack. “Is mór liom in a ghreim thú agus is beag liom in a dhá greim thú” arsan Fathach. Chaith Jack anuas an chrios agus sgairt sé amach: “A crus deán do chuid oibre”.
Nuair a bhí an fathach teannta go maith tháinig Jack anuas agus rois sé an fathach le na sgian. Nuair a bhí sin déanta aige ba mhuithid do na ba a thabhairt abhaile. Bhí iongantas ar bhunadh an toighe fa’n méid bainne a bhí ag na bá an oidhche sin. Maidín lá thar na bhárac dubhairt an tighearna go rabh rud éiginteacht contrailte, nó mar chuala sé ach dha búirthe aréir agus gur doiche go rabh fathach amháin ar siubhal as baile.
Chuir Jack amach na bá agus chuir se isteach san abhail iad mar rinne sé an lá roimhe. Chuaidh sé féin suas ar chrann an lá seo fósta. Nior luaithe a bhí sé shuas, nó dtáinig an fathach amach as an chaisleán agus dhá cheann air. “A deoraiche aindeasach” arsan fathach. “Mharbh tú mó dearbhrathair indé, ach mairbhfidh mise tusa indiu”. “Feach leis”, arsa Jack.
Nuair a tháinig an fáthach go bun an chrann caith Jack síos an chrios agus dubhairt sé, “A chrios déan do chuid oibre”. Nuair a bhí an fathach teannta go maith ag an crios tháinig Jack anuas agus rois sé an fathach le na sgian mar rinne sé an lá roimhe sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamús O Ceallachain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall O' Ceallachain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall