Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 124
- XML “Leabaidh Dhiarmada agus Gráinne”
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Éadaighe.
Tá dhá thailliúir ins an Parroiste. Oibrigheann siad sa bhaile ach fad o shoin théigheadh siad o áit go h-áit, do réir mar bhíodh gnó dóibh. Is gnátach le táilliúir eadach a bheith sa tigh aige. Eadach siopa anois, agus fad o shoin eadach a figheadh sa’n áit a bíodh acú. Ní chaitheann na daoine cultacha d’ eadach na h-áit.
(Sgéal i dtaoibh táilliúir)
Bhí táilliúir ann aon uair amháin, agus lá amháin nuair a bhí sé ag obair i dteach tháinig bean isteach ar lorg aibhleóige. Thug bean an toighe díthe é. Nuair a d’imthigh sí amach caith an táilliúir aibhleóg ins an bhucóid uisge agus agus cuaidh an ceann a bhí ag an bean as.
Thug sí aibhleóg léithe trí h-uaire. Rinne an tailliúir an cleas céadna agus chuaidh an ceann a bhí léithe as. Nuair a chonnaic sí nach rabh gar díthe ann o’ fhág sí an teach agus gan ceann ar bith léithe.
An fáth a chuir an tailliúir an aibhleóg as urthí bhí fhios aige go maith go dtiocfadh léithe rud éiginteacht a dhéanamh air. Gléiseanna oibre an táilliúra: “Mearacán, Snáth agus Snáthad, Inneal Fuaghala agus an t-iarann Mór Siosúr”.(leanann ar an chéad leathanach eile)